• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
  • Features
  • Opinion
  • Arts & Fashion
  • Photography
  • Health & Lifestyle
  • Cainte
  • Sports
  • Archives
    • Volume 24: 2022-23
    • Volume 23: 2021-22
    • Volume 22: 2020-21
    • Volume 21: 2019-20
    • Volume 20: 2018-19
    • Volume 19: 2017-18
    • Volume 18: 2016-17
    • Volume 17: 2015-16
    • Volume 16: 2014-15
    • Volume 15: 2013-14
    • Volume 14: 2012-13
    • Volume 13: 2011-12
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Taithí Oibre san Íoslainn

March 15, 2022 By Tess Casasín Ní Shioradáin

Tá sé deacair a chreidiúint gur féidir leat a bheith ag cur allais agus tú ag obair i do t-léine i lár an gheimhridh agus teocht -9˚ lasmuigh.

Cén chaoi? Bhuel, níor tháinig mé ar dhaoine riamh a úsáideann fuinneamh nádúrtha i mbealach níos éifeachtaí ná na hÍoslannaigh. Tá seachtain amháin caite agam ag obair go deonach i dteach gloine in áit darbh ainm, Hveragerði san Íoslainn agus tá go leor leor foghlamtha agam ó thaobh garradóireachta de. Níl an méid sin tithe gloine feicthe agam riamh agus tá teocht 25˚ istigh iontu. Ní chreidfí gur féidir bananaí a chur lastigh den Chiorcal Artach ach tá an seift sin aimsithe ag na hÍoslannaigh le tamall.

Is é an rud is suimiúla futhú áfach ná go n-úsáideann na hÍoslannaigh fuinneamh geoiteirmeach a thagann ón talamh chun na tithe gloine sin a théamh. In éineacht leis sin, úsáidtear an teas nádúrtha sin chun na gnáththithe a théamh agus leictreachas a sholáthar do mhuintir na hÍoslainne. Feidhmíonn 90% de na tithe san Íoslainn ar an mbealach sin, a bhuíochas do na  hacmhainní nádúrtha atá mórthimpeall orthu. Ní hé sin an méid áfach, úsáidtear an fuinneamh geoiteirmeach a thagann ó na bolcáin is na foinsí te chun an pobal a chosaint ón drochaimsir. Is bealach éifeachtach é chun an sneachta ar na bóithre a leá.

Tá níos mó ná 200 bolcáin san Íoslainn agus 600 foinse te nádúrtha. Ní haon ionadh é go bhfuil linnte snámha te ar fud  na tíre. Deirtear go gcaitheann na hÍoslannaigh tamall fada sa chith ós rud é go bhfuil an t-uisce te in-athnuaite. Sular tháinig mé anseo níor cheap mé riamh go mbeinn ag siúl timpeall an tí i mbrístí gearra i lár mhí Feabhra. Cheap mé gur tír bhocht, ársa a bhí inti, gur mhair na daoine ar sheanthraidisiúin ach i ndáiríre is í an Íoslainn an tír is forbartha ar domhan sa lá atá inniu ann ó thaobh fuinneamh in-athnuaite agus inbhuanaitheachta de. Úsáideann siad druilirí chun píopaí a chur faoin talamh agus an ghal te a chur chun tairbhe i mbealaí éagsúla.

Tá 85% den fhuinneamh sa tír in-athnuaite agus is fuinneamh geoiteirmeach é 66% de. In ainneoin an dea-thionchair atá ag an bhfuinneamh nádúrtha sin ar an timpeallacht, sábhálann rialtas na hÍoslainne thart ar €100 milliún gach bliain ar bhreoslaí iontaise. Samhlaigh cith a ghlacadh agus gan mothú ciontach faoin méid ama atá caite agat ann. An féidir linn aon rud a fhoghlaim ón méid sin? Ar ndóigh, níl bolcáin againn in Éirinn agus ní thagann uisce te ón talamh ach nach féidir linn acmhainní nádúrtha eile a úsáid? Nach féidir linn leas a bhaint as an Aigean Atlantach chun fuinneamh in-athnuaite a chruthú is a sholáthar do mhuintir na hÉireann chun todhchaí níos glaise a chur i bhfeidhm?

Tess Casasín Ní Shioradáin
+ posts
  • Tess Casasín Ní Shioradáin
    https://sin.ie/author/tess-casasin-ni-shioradain/
    Girls don’t climb! - Ardú ar líon na sléibhteoirí ban ach nílimid ar bharr an chnoic go fóill.

Related

Filed Under: Cainte, Editor's Recommendation

Reader Interactions

Primary Sidebar

Read our latest issue:

  • Facebook
  • Instagram
  • Twitter

Copyright © 2023 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

 

Loading Comments...