An raibh a fhios agat gurb í OÉG an t-aon ollscoil dhátheangach sa tír? Tá an fhíric seo leis féin tar éis go leor dúinn a thabhairt anseo, chun am a chaitheamh le daoine a labhraíonn agus atá an-aird acu don Ghaeilge, cosúil linn. Is rud é gur cheart dúinn a bheith bródúil as!
Tá an ceangal speisialta atá againn leis an nGaeilge anseo i nGaillimh fréamhaithe go domhain sa chultúr. Déanann Gaeilge an oiread sin difríochta do shaol gach duine i nGaillimh. Tá sé i ngach áit, agus is cinnte gur cheart dúinn a bheith bródúil as a tréscaoileadh sa tsochaí anseo. Tugann mic léinn idirnáisiúnta í faoi dheireadh, tugann turasóirí í faoi dheireadh, agus thug mé féin í faoi dheireadh nuair a bhog mé ó Chill Mhantáin fiú!
Chomh maith leis sin, is muidne an t-aon ollscoil amháin le trí campas álainn sa Ghaeltacht agus seimeastar iomlán a ofráil chun na mic léinn a thum sa Ghaeilge. B’scailt súl é dom an tréimhse a chaith mé sa Cheathrú Rua don chuid den chultúr Gaelach a chaill mé.
Is é seo an fáth gur ról ollmhór é an tOifigeach Gaeilge chun tabhairt faoi. Go bunúsach, is ról lánaimseartha é seo atá á dhéanamh go páirtaimseartha. Níl ort ach breathnú ar mo thuairisc mar Oifigeach chun feiceáil an méid oibre atá i gceist, agus cé chomh leathan is atá an cúram. Tá an Ghaeilge i ngach uile chuid de shaol na hollscoile, ó sheirbhísí do dhaoine atá ar mhíchumas go ‘Campus Living’, ó mhac léinn taighde atá ag iarraidh a dtráchtas a chuir isteach ina dteanga féin, go mac léinn céad bliana atá ag iarraidh ciorcal comhrá chun feabhas a chur ar a gcúpla focal. An féidir leat an díomá a shamhlú nuair atá constaicí curtha sa bhealach le hiarratais chomh simplí sin?
Tá go leor i nGaillimh le hofráil do dhaoine atá an-aird acu don Ghaeilge. Téann an ceangal seo i bhfad níos faide ná fearainn na hollscoile. Tá an chathair ar fad bríomhar agus ilchultúrtha. Cuireann Áras na nGael spás sóisialta thar cionn ar fáil, áit gur féidir le daoine ár dteanga náisiúnta a fhoghlaim, a chleachtadh agus glacadh léi. Tá sé normalaithe i slí nach bhfuil feicthe agam i gcathracha eile.
Ba cheart dúinn an ceangal sin a cheiliúradh, agus an t-am agus an spás a thabhairt chuig Oifigeach Gaeilge an Chomhaltais chun an post is fear gur féidir leo a dhéanamh, a dhéanamh. Is é an tslí is fearr chun é sin a dhéanamh ná an post a bheith lánaimseartha. Tá roinnt daoine buartha faoin airgead, agus tuigim cén fáth go mbeidh daoine buartha. Cé go raibh an reifreann faoin tobhach conspóideach, thug sé deis dúinn buiséad a chur ar leataobh don Ghaeilge sa Chomhaltas. Tiocfaidh an tuarastal lánaimseartha as an mbuiséad seo agus ní chuirfidh sé isteach ar aon mhaoiniú eile.
Is féidir leis an nGaeilge agus an cultúr go leor a thaispeáint dúinn agus a múineadh dúinn. Mar dhuine nach bhfuil mar chainteoir dúchasach, tá sí tar éis pobal agus cairdeas a thabhairt dom nach bhféadfainn samhlú sular fhoghlaim mé conas í a labhairt. Thug sí an mhuinín dom iarracht a dhéanamh agus difríocht a dhéanamh.
An rud faoi leith faoin Gaeilge dom ná go dtéann sé níos faide ná teanga. Is é ár stair, ár sochaí reatha, agus ár dtodhchaí í. Ach freisin, is féidir léi a bheith greannmhar, a bheith neamhfhoirmiúil, agus a bheith trína chéile. Níl inti ach teanga, ach tá i bhfad níos mó ná sin i gceist léi freisin. Caith vóta ar an 3ú Márta chun difríocht a dhéanamh don Ghaeilge in OÉG.