Seo scríbhneoir agus aistritheoir, Eoin P. Ó Murchú! Is as Baile Átha Cliath d’Eoin agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Na Gaeil Óga. Chomh maith leis sin, is é a eagraíonn na hoícheanta GaelGÁIRÍ agus Amhránaithe an Chlub. Labhair Eoin liom faoin obair ar Quasar, ceolchoirm Na Red Hot Chili Peppers sa bhliain 2004, agus an focal ‘ramallae’.
Déan cur síos ort féin i 5 fhocal.
Gaelach, gníomhach, mífhoighneach.
Céad phost a bhí agat?
Bhí mé i gceannas ar Quasar i Leisureplex Stigh Lorgan. Comórtas le gunnaí léasair. Bhí orm é a mhíniú don ghrúpa agus ansin a chinntiú nach maróidis a chéile istigh sa dorchadas. Ní post é a bhí oiriúnach don phóit.
Ceol ar bith atá ‘on repeat’ agat faoi láthair?
Ye Vagabonds, Taylor Swift, IMLÉ agus Róisín Seoighe, Sean-nós Mháire Ní Chéileachair.
An bhfuil tallann cheilte agat?
Faraor d’aon duine ar an idirlíon ní cheilim aon ‘tallann’ atá agam. Fiú iad sin nach bhfuil agam.
Cuimhne is sásta atá agat ó d’óige?
12 nó 13 bliana d’aois agus muid ag déanamh tithe adhmaid le mo chomharsana sna crainn. Bhíodh dhá nó trí stór iontu uaireanta. Thógfainn mo chasúr liom agus póca lán tairní agus chaithimis na laethanta fada samhraidh á dtógáil.
An bhfuil tú ag amharc ar shraith ar bith faoi láthair?
Thosaigh mé féin is mo chailín ar na Sopranos agus tá sé ar fheabhas (cé go bhfuilimid ábhairín mall ag breathnú air).
Céad cheolchoirm ar fhreastail tú uirthi?
Na Red Hot Chilis Peppers i bPáirc an Fhionnuisce sa bhliain 2004! Bhíomar óg, sa moshpit, gan léinte agus bhí gach uile fhocal ar eolas againn!
Cé hiad an triúr cáiliúla a dtabharfá cuireadh daofa dul chuig cóisir dhinnéir?
Pádraig Mac Piarais, Máirtín Ó Cadhain, Peig Sayers.
Cad é a chuireann eagla ort?
An t-athrú aeráide, lucht an ollrachmais, rollchóstóirí ag aonaigh bheaga áitiúla.
Rud ba mhaith leat a dhéanamh sula bhfaighidh tú bás?
Leabhar a scríobh. Cónaí sa Fhrainc nó san Iodáil.
Cad é a chiallaíonn ‘rath’ duit?
Cairdeas, comhluadar, bia maith, craic, compord.
Agus… cén focal Gaeilge is fearr leat?
Ramallae, ciallaíonn sé ‘sláthach’, ‘glae’, glóthach’ (‘slime’ sa Bhéarla). Braithim an focal ar mo theanga mar a bhraithfeá ramallae féin ar do mhéar!