
Agus í lándáiríre, dúirt Clare liom “glactar leis sa lá atá inniu ann go gcuireann mná allas”, ach ní mar sin a bhí cúrsaí i gcónaí. Tá dul chun cinn suntasach le feiceáil ó thaobh líon na mban atá ag tabhairt faoin sléibhteoireacht agus faoin dreapadóireacht, le blianta beaga anuas.
Céim bheag i dtreo chomhionannas inscne atá ann agus is rud fíor thábhachtach sa lá atá inniu ann go bhfuil laochra ban ag cailíní óga. Cé go bhfuil mná na laethanta seo ag briseadh talamh nua sna spóirt eachtraíochta agus ag sroicheadh beanna na sléibhte is airde, bhí uair ann nuair ba áit an sliabh d’fhir amháin.
“Girls don’t climb”, a dúradh le m’aintín, Clare Sheridan (ceannródaí i saol na dreapadóireachta), nuair a thosaigh sí amach ag dreapadh sna seachtóidí leis an gclub in UCD. Ní raibh dreapadóirí ban ann agus í ag triail an spóirt den chéad uair. Fiú nuair a tugadh cead di páirt a ghlacadh, chuirtí ag ceangal rópaí do na buachaillí í mar níor chreid siad go bhféadfadh sí dreapadh. Faraor, is bean thiomanta í agus choinnigh sí uirthi ag dreapadh nuair nár léiríodh meas madra do mhná ag na ballaí.
D’inis Clare dom go macánta nach raibh laochra ban aici ag an am, a bhí ag cur an spóirt chun cinn. Stad sí ar feadh soicind agus rinne sí iarracht cuimhneamh ar dhreapadóir ban aonair, fiú ar an aimsir seo ach ní raibh sí in ann.
Ní raibh éine in ann lagmhisneach a chur uirthi áfach agus tá éacht i ndiaidh éachta bainte amach aici mar dhreapadóir. Faraor, is bean í Clare a sheachnaíonn an phoiblíocht, cé go bhfuil go leor óráidí tugtha aici, bealaí nua dreapadóireachta cumtha aici agus cé go bhfuil sí i mbun leabhair a scríobh faoina saol, fiú níor luaigh sí na nithe sin dom agus muid ag caint.
De réir na figiúirí a thug sí dom, tá i bhfad níos mó suim ag mná dreapadóireacht a thriail ar bhallaí taobh istigh ná amuigh sna sléibhte. Is mná iad 40% de dhaoine a dhreapann ar na ballaí bréagacha, áiteanna réasúnta sábháilte. Chuala mé an trua ina glór nuair a d’inis sí dom nach bhfuil ach 5% de dhaoine a ghlacann páirt i ndreapadóireacht traidisiúnta (mar cheannairí) ina mná. An chúis leis sin? “Contúirt”, an t-aon fhocal a tháinig as a béal.
Bhain meon ar leith le spóirt eachtraíochta roimh agus le linn na seachtóidí go háirithe na cinn sna sléibhte. Áiteanna dainséaracha ab ea iad, ró-chontúirteach d’aon bhean. Léiríonn na staitisticí thuas gurb amhlaidh atá cúrsaí faoi láthair. Ní hamháin go raibh baol i gceist, ach ceapadh ag an am nach mbeadh spéis ag aon bhean i gcúrsaí dreapadóireachta. Is maith is cuimhin le Clare an dearcadh a bhí ag a scoil chónaithe ar mhná sa spórt, “Horses sweat, men perspire and ladies only glow”. Bhí rian beag gáire le cloisteáil ina glór agus í ag cuimhneamh ar an dearcadh dochreidte sin. Conas a d’fhéadfadh aon bhean tabhairt faoi spórt ar bith nuair nach raibh siad ceapaithe allas a chur fiú?
Ba bhac iad na meáin freisin do chailíní a bhí ag iarraidh an spórt a thriail. Gach aon óráid a thugann Clare, tagraíonn sí do na céad irisí sléibhteoireachta. Bhíodh na mná curtha trasna mar bhruinnealla mhealltacha sínte lomnocht ar threalamh dreapadóireachta. Sin an teachtaireacht a bhí á tabhairt amach ag na meáin, bhí áit ann do mhná i saol na sléibhteoireachta cinnte, ach ní sna sléibhte a bhí sé.
De réir mar a éiríonn an tsochaí níos comhaimseartha, tá méadú ar líon na mban atá sásta dul sa seans agus iad féin a chur i mbaol agus iad sa tóir ar steall aidréanailíne. Daoine ar nós Clare Sheridan, a sháraíonn an eagla sin mar go bhfuil a grá don spórt chomh mór sin nach féidir léi fanacht sa bhaile leis na páistí.
Sin an fáth gur thóg Clare agus a fear céile, Calvin a gclann óg leo agus iad ag sléibhteoireacht agus ag drepadh timpeall na hEorpa, na blianta ó shin. Thugadh ceann acu aire do na páistí san ionad campála ag bun an tsléibhe fad is a bhí an duine eile ag drepadh. Ansin bhabhtáladh siad. Taispeánann mná mar sin nach gá roghnú idir máithreachas agus spórt, is féidir an dá cheann a láimhseáil.
Cad faoin dochtúir Clare O’Leary, an chéad bhean Éireannach a shroich binn Everest in 2004, laoch eile dar liomsa. Níl gar a shéanadh ach go bhfuil ardú tagtha ar líon na mban a ghlacann páirt i sléibhteoireacht agus i ndreapadóireacht, feicim é gach lá sa chlub ollscoile. Bíonn meascán cothrom i gcónaí d’fhir agus de mhná ag an mballa, ba dheacair a leithéid a shamhlú na blianta ó shin.
Ba bhean eisceachtúil í Clare daichead bliain ó shin ach tá cúrsaí athraithe anois. . Tá mná an domhain tar éis na bacainní inscne a shárú agus dul chomh fada leis na fir. Bhí uair ann nuair nach raibh ach fir le feiceáil ag na ballaí dreapadóireachta, uair ann nuair nár shroich bean ar bith barr Everest ach anois tá mná le feiceáil ar chlúdaigh na n-irisí sléibhteoireachta mar dhreapadóirí agus ní mar áilleagáin.
Nílimid ag barr an chnoic go fóill ó thaobh cothromaíochta de áfach. Tá dreapadóireacht ag éirí níos coitianta mar spórt d’fhir agus do mhná araon. Tá líon na mban sna sléibhte ag ardú lá i ndiaidh lae agus ní féidir iad a stopadh. Is dream cumhachtach iad atá tar éis bacainní éagsúla ar nós máithreachas, difríochtaí fisiceacha, steiréitíopaí agus gnéasachas a shárú, ach tá an deighilt inscne fós ann. Má thaispeánann an stair aon rud dúinn, is ea go bhfuil mná tiomanta agus sin an fáth nach féidir linn stopadh go dtí go bhfuil comhionannas inscne le feiceáil sna sléibhte, ó thaobh uimhreacha agus ó thaobh measa de.