
“Cinnte, leanfaidh mé ar aghaidh le cuid den aiste bia veigeán a thriail mé do mhí Eanáir. Is dócha go n-íosfaidh mé iasc agus seacláid arís ach b’fhearr liom tofu a ithe in áit sicín. Stopfaidh mé ag ithe cáise agus bainne gan stró, is fearr liom cáis veigeánach agus is brea liom bainne coirce.” Sin a dúirt Andraya Tighe, blagalaí agus griangrafadóir, nuair a d’fhiafraigh mé di an mbeadh sí ag leanúint ar aghaidh leis a aiste bia veigéan tar éis ‘Véigeanáir’. Cé nach gcreideann sí go mbeidh sí ag coinneál leis go hiomlán, rinne Andraya an pointe go raibh sí ag iarraidh an réimse bia seo a leanúint chomh fada is féidir leí. Sin an meon a chaithfear a thabhairt isteach do dhaoine. Is beag rud nach gcuidíonn le cúrsaí timpeallachta.
Níl aon deireadh leis an gcaint faoi tábhachtach an réimse bia veigeán sa lá atá inniu ann ach céard is cúis leis an dochar atá á dhéanamh don timpeallacht ar an gcéad dul síos? Bhuel, tá droch-tionchar ag baint leis an méid uisce agus grán a úsáidtear chomh maith le cúrsaí iompar agus an turas ón bhfeirm go dtí an forc.
Ba chóir dúinn stop a chur leis an meon seo go gcaithfear a bheith mar veigeán iomlán chun difríocht a dhéanamh don timpeallacht. Tá go leor taithí agam ar an ábhar seo agus na leithscéalta ar fad atá ag daoine faoi. Conas gur féidir leat réimse bia veigeán a leanúint? Nach airím uait feol agus déirí? Cá bhfaigheann tú do chuid próitéin? Sin na ceisteanna a cuirtear i gcónaí maidir le diat veigeán, ach mar a dúirt Andraya; “tá sé éasca den chuid is mó, tá gach duine difriúil ach an t-aon rud go raibh mé ag iarraidh i ndáiríre ná iasc. Creidim go mbraitheann sé ar an meon atá agat faoi agus an cúis go bhfuil tú ag déanamh é”.
Tá sé ráite ag Andraya go mbeidh sí ag athrú go leor rudaí in a chuid aiste bia, dúirt sí go mbeidh sí ag déanamh a dhícheall ach ní bheidh sí ‘ro-dian’ uirthi fhéin. Creidim go diongbháilte go bhfuil freagracht orainn athraithe a dhéanamh inár saol. Níl éinne ag iarraidh foirfeacht, ach go leor daoine ag déanamh iarracht go neamh-foirfeacht. Nílim ag rá gurbh is é sin an réiteach atá ar ár gcuid fadbhanna go léir maidir le cúrsaí timpeallachta ach tá orainn tosnú in áit éigin.
Ní bréag a rá gur údar lag mhisnigh an fonn a bhíonn orainn a bheith foirfe i gcónaí. Fiú mé féin, mothaím ciontach agus mé ag úsaid buideál plaisteach nó nuair a cheannaím rud éigin ó Penneys. Tá an dearcadh ann go bhfuil an milleán agus an fhreagracht go léir ar an duine aonair, is dearcadh bréagach é seo atá cruthaithe chun le dul i gcion ar ghnáthdhaoine. Ba cheart fáil réidh leis an gciontacht seo, níl sé ag cabhrú le duine ar bith nó ar ndóigh lenár bplainéad.
Ní hamháin go bhfuil tú ag cabhrú leis an timpeallacht nuair a leanann tú aiste bia veigeán ach tá go leor buntáistí eile sláinte ag baint leis. Nuair a chuir mé ceist ar Andraya faoi, luaigh sí go raibh níos mó fuinnimh aici. Chomh maith leis sin tá nasc idir aiste bia veigeán le colaistéaróil, brú fola níos ísle agus baol níos lú galar croí. Is náireach an rud é go gceaptar go bhfuil sé míshláintiúil a bheith mar veigeán. Tá sé éasca an cothú ceart a fháil ach, caithfidh tú a bheith ciallmhar faoi áfach. Caithfear stop a chur leis an meon atá ann go gcaithfear feoil a bheith agat chun próitéin a fháil agus a bheith láidir. Mar a dúirt Giusseppe Carusa, ithfear feoil agus smaoinítear go mbeifear chomh láidir le damh ach déantar dearmad go n-itheann an damh féar.
Ba cheart do gach duine diat veigeán a leanúint den chuid is mó.. Is cuma faoin uair a d’ith tú an rolla sicín nó an creathán bainne sin. Ní chaithfidh tú a bheith foirfe ar chor ar bith, is iomaí athrú is féidir leat a dhéanamh gan stró. Cén fáth nach dtosaíonn tú anois chun difríocht a dhéanamh. Thosaigh Andraya do Veigeanáir agus anois tá sí ag coinneál leis in áiteanna agus ag roinnt oidis veigeán lena cuid leantóirí go minic. Ba cheart deireadh a chur leis an smaoineamh nach mbeidh tú in ann é a dhéanamh go hiomlán agus mar sin nach ndéanfaidh tú tada. Bailíonn brobh beart.
Bosca Foclóra
- Véigeanáir: Veganuary
- Leithscéalta: excuses
- Aiste bia: diet
- Ciontach: guilty
- Fuinnimh: energy
- Damh: ox
- Oidis: recipe
- Bailíonn brobh beart: every little helps