
An tseachtain seo labhair mé le Séaghan Ó Súilleabháin, an buachaill bó is cáiliúla ar TikTok! Cuireann Séaghan físeáin agus scéalta beaga le chéile faoin bhfeirmeoireacht agus saol s’aige ina chónaí ar an nDromainn i gCiarraí Láir. D’inis sé dom faoin amhránaíocht, ag obair i bportach, agus Sex Education ar Netflix!
An chéad cheolchoirm ar fhreastail tú air?
Walking on Cars san INEC i gCill Airne agus mé i mo gharsúinín óg soineanta.
Cuimhne is sásta atá agat ó d’óige?
Táim óg fós! Nach bhfuil?! Ach is dócha an chuimhne ab ghreannmhaire ó bhíos i mo leanbh ná bheith ag marcaíocht ar asal taobh thiar de thigh mo mháthair críonna i nDairbhre. Cheapfá go rabhas i rodeo nó rud éigin. Ba cowboy riamh mé!
An chéad phost a bhí agat?
Nuair a bhíos 11, fuaireas jab i bportach i mBéal Átha an Chléibhe i rith an tsamhraidh. D’fhaighinn ceathair euro in aghaidh na huaire agus 99 (uachtar reoite, ní euro!) ag deireadh an lae agus bhínn breá sásta leis sin!
An bhfuil tallann cheilte agat?
Is beag bua atá agam le bheith fírinneach! Emm.. taitníonn an amhránaíocht liom, ní dócha go mbeadh sé sin ar eolas ag mórán daoine toisc nach bhfuil sé roinnte ar líne agam!
Cad é a thugann sásamh duit?
Is breá liom bheith amuigh sa nádúr agus mar sin pé deis a fhaighim bím ag spaisteoireacht sna sléibhtibh, ag snámh san fharraige nó i mbun feirmeoireachta.
An bhfuil tú ag amharc ar shraith ar bith faoi láthair?
Sea, táim ag féachaint ar Sex Education ar Netflix…agus ag foghlaim an-chuid!
An téacs deireanach a sheol tú?
‘Chífidh mé níos déanaí tú’….do dhuine anaithnid!
An chomhairle is fearr a bhfuair tú riamh?
‘Siúl amhail is go bhfuil eolas na slí agat.’ Tobar eolais ab ea an té a ndúirt é sin liom agus mé óg agus tá an ráiteas sin tar éis cabhrú go mór liom i ngach aon chuid den saol!
An bhfuil ‘happy place’ agat?
Ciarraí gan dabht! Tá áit ar leith sa Ríocht a théim i ngan fhios d’éinne. Ní scaoilfead leis an rún cén áit go díreach ina bhfuil sí ach geall leis na flaithis í!
Cad é a chiallaíonn ‘rath’ duit?
‘Is fearr an tsláinte ná na táinte’ a deirtear agus nach fíor é? Tá sé deas maoin agus airgead bheith ag duine gan dabht ach duine rathúil, dar liom, is ea an duine a éiríonn ar maidin le dúthracht ina chroí agus atá bródúil as an méid atá á dhéanamh aige/aici.
Agus…cén focal Gaeilge is fearr leat?
Misneach an focal is fearr liom (i bhfoghraíocht na Mumhan amháin!). Tá sé an-thábhachtach misneach bheith againn. Ní hamháin go bhfuil crógacht i gceist le misneach ach meon agus folláine an duine. Seachas ‘conas atá tú?’ is minic a deirimid ‘conas atá an misneach?’ thíos anseo. Nach aoibhinn é?