Tá laethanta gruama na bliana acadúla seo chaite thart agus anois ba cheart dúinn buntáiste a bhreith as ath-oscailt na gcumann chun sláinte intinne agus folláine coirp a neartú.
Gan aon agó beidh sé fíor-dheacair ar roinnt daoine óga dul i dtaithí leis an spórt arís tar éis na pandéime. Tá an t-ádh dearg orainn mar mhic léinn go bhfuil teacht againn ar réimse leathan imeachtaí ach caithfear ceistiú an bhfuil na deiseanna cuí ar fáil do dhaltaí bunscoile agus meánscoile?
Ar an drochuair, tá fadhb an mhurtaill ag fás as cuimse le blianta beaga anuas. De réir suirbhé ‘Eurostar’ tá an dara ráta is airde ag Éire le 26% den daonra fásta agus céatadán níos airde fós i measc na haoise óig.
Bhí an caid i gcónaí mar chuid lárnach de mo shaol agus mé ag fás aníos sa Ríocht ach is iomaí duine nach bhfuil aon suim acu in imeachaí an CLG. Ba chóir dúinn inspioráid a ghlacadh as éachtaí ár laochra oilimpeacha agus parailimpeacha chun réimse leathan spóirt a chur ar fáil i ngach ceantar.
Ní raibh bád ag na hÉireannaigh ag na cluichí 2012 i Londain ach naoi mbliana níos déanaí fágadh príomhchathair na Seapáine le bonn óir agus cré-umha. Caithfear ard-chréidúint a thabhairt do choiste Rámhaíochta na hÉireann as na struchtúirí cearta a chur i bhfeidhm timpeall na tíre chun freastal ar riachtanais seaimpiní Oilimpeacha taobh leo siúd a bhíonn páirteach don chraic agus cairdeas amháin.
Uaireanta tógtar an spórt ró-dháiríre agus na hiomaitheoirí fós mar pháistí. Tá feachtaisí ar nós ‘Silent Sidelines’ curtha i bhfeidhm ag roinnt eagraíochtaí chun brú ó thuismitheoirí agus bainisteoirí a laghdú. Labhair peileadóir an Mhí, Vikki Wall faoin íde béil le déanaí mar is iomaí ainm a ghlaodh uirthi agus í ag imirt.
Chuir an peileadóir meáchan uirthi agus í ag staidéar don Ardteist, fírinne a léiríonn impleachtaí an chórais oideachais ar shaol an duine óig. Cúpla bliain níos déanaí, tá craobh na hÉireann díreach buailte ag Wall agus í mar cheann de na peileadóirí is fearr sa tír. Níl ach dornán daoine a leanfadh leis an spórt tar éis na n-eachtraí maslú faoi raimhre seo ní mór dúinn ar fad a bheith tuisceanach agus sinn ar na bpáireaceanna imeartha nó sna ardáin.
Mar fhocal scoir, ní féidir a shéanadh ach go bhfuil gaol láidir idir caighdeán mhaireachtála agus an tsláinte. Is straitéis bunaithe sa Fhrainc agus curtha i bhfeidhm ar fud na cruinne í ‘Cathracha 15 nóiméad’ a chabhraíonn leis an gcothromaíocht oibre is saoil.
Déantar iarracht príomháiseanna sóisialta agus oibre a lonnú laistigh de shiúlóid 15 nóiméad. Tógtar ón mbrú tráchta in éineacht le béim a chur ar fholláine coirp. Tá plean chun an stratéis a fhorbairt i mBaile Átha Cliath sna blianta atá romhainn.
Sin ráite, caithfear gnólachtaí is fostaithe a mhealladh i dtreo bailte chun strus saoil na cathracha a ísliú. Cabhróidh an cianoibre leis seo mar is léir go bhfuil daoine ag baint buntáiste as na hathruithe sa saol oibre.
Gan siol amhras, tá bailte na hÉireann in ann freastal ar riachtanais comhlachtaí idirnáisiúnta chomh maith le caighdeán maireachtála níos fearr a thairiscint d’fhostaithe. Mar shampla tá ‘Liebherr’, ceann de na comhlachtaí innealtóireachta is mó ar domhan lonnaithe i gCill Áirne agus baineann siad leas as cuan beag san Fhianait mar ionad easpórtála.
Mar a deirtear, áit a bhfuil toil tá bealach agus seasann fírinne an tseanfhocail dúinne sa Chumann Gaelach. Coinnígí súil ar na meáin shóisialta mar beimid ag eagrú fuilleach imeachtaí chun craic, comhluadar agus cairdeas a spreagadh trí mheán na Gaeilge.
Bosca Foclóra
Folláine coirp | Physcial health |
Ar an drochuair | Unfortunately |
Gan aon agó / Gan síol amhras | Without doubt |
Is iomaí duine | There are many people |
Chun freastal ar riachtanaisí | To meet the needs |
Íde beil | Verbal abuse |
Dornán daoine | A handful of people |
Maslú faoi raimhre | Fat shaming |
Ní féidir a shéanadh | There is no denying |
Cothromaíocht oibre is saoil. | Work-life balance |
An cianoibre | Remote working |
Caighdeán maireachtála | Standard of living |
Áit a bhfuil toil tá bealach | Where there’s a will there’s a way |
Murtall | Obesity |
Focail atá de dhíth agus muid ar ais ag an ollscoil
- Orientation – ionduchtú
- Undergrad (person) – fochéimí
- Postgrad (person) – iarchéimí
- International student – mac léinn idirnáisiúnta
- Guided tour – turas treoraithe
- Housemate – comrádaí tí
- Rent – cíos
- Student life – saol an mhic léinn
- Lecturer – léachtóir
- Tutorial – rang teagaisc
- Events – imeachtaí
- Labs – saotharlanna
- Library – leabharlann
- Placement – socrúchán oibre
- Fees – táillí