
Do mo cholún deireanach, bhí deis agam labhairt le Máire Treasa Ní Dhubhghaill. Is láithreoir spóirt í ar TG4, agus ba mhúinteoir bunscoile í roimhe sin. Mar sin, cosúil le go leor duine eile, bhí sos aici nuair a tháinig an phaindéim anuraidh. Is é an post is ansa le go leor duine é, agus nuair a chonaic Ní Dhubhghaill go raibh TG4 “ag reáchtáil éisteachtaí le freastal ar chúrsa láithreoireachta”, thapaigh sí a deis! Piocadh í le freastal ar an gcúrsa le seachtar eile, agus tar éis sin bhí sí roghnaithe chun dul ar Cúla4. Tharla sé sin go léir i 2007, agus tá sí fós ann, ceithre bliana déag ina dhiaidh.
Cé go raibh sos de dhíth ag beagnach gach duine nuair a thosaigh an dianghlasáil, d’éirigh gach duine braon de tar éis cúpla mí. Bhí Máire Treasa díreach mar an gcéanna. De ghnáth, bheadh sí amuigh gach deireadh seachtaine ag cluiche rugbaí éigin. “Theis tamaill bhraith mé uaim go mór é! Bhí mé an-sásta nuair a tháinig Rugbaí BEO ar ais Mí Lúnasa seo caite.” Cosúil le gach duine eile, d’airigh sí uaithi a gnáthshaol, agus bhí sí in ann cuid den saol sin a fháil ar ais nuair a thosaigh an rugbaí arís.
Mar a luaigh mé, ba bhreá le go leor duine an post atá aici, ach céard é an rud is fearr léi faoi? “Is breá liom an éagsúlacht a bhaineann le láithreoireacht; d’fhéadfá a bheith ag déanamh agallaimh le haisteoir lá amháin, nó ag surfáil amuigh ar an bhfarraige agus ansin ar pháirc Rugbaí ag an deireadh seachtaine! Castar go leor daoine éagsúla ort agus is aoibhinn liom an ‘buzz’ de bheith beo ar an aer!”.
Tá sé soiléir, agus í ag obair le TG4, go bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach dá saol. Dúirt sí féin go bhfuil sí “thar a bheith bródúil go bhfuil Gaeilge agam agus gur tógadh sa nGaeltacht mé le Gaeilge.” Maidir leis an rud is fearr léi faoi, bhí an méid seo le rá aici: “Is linne í agus tá sí mar chuid d’oidhreacht mhuintir na tíre seo. Sílim go bhfuil nasc fíor speisialta ag pobal na Gaeilge agus tá ár gcultúr agus ár dteanga tábhachtach dúinn. Ní gá a bheith líofa sa nGaeilge, níor gá gur tógadh le Gaeilge thú, bain úsáid as an mbeagán atá agat agus bí bródúil aisti! Ní bheadh mise tar éis na seansanna ar fad a fuair mé le TG4 a fháil murach go raibh Gaeilge agam. Osclaíonn sí doirse!” Nach bhfuil an ceart aici! Ní bheadh an colún seo agam mura mbeadh an Ghaeilge agam féin.