• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
  • Features
  • Opinion
  • Arts & Fashion
  • Photography
  • Health & Lifestyle
  • Cainte
  • Sports
  • Archives
    • Volume 24: 2022-23
    • Volume 23: 2021-22
    • Volume 22: 2020-21
    • Volume 21: 2019-20
    • Volume 20: 2018-19
    • Volume 19: 2017-18
    • Volume 18: 2016-17
    • Volume 17: 2015-16
    • Volume 16: 2014-15
    • Volume 15: 2013-14
    • Volume 14: 2012-13
    • Volume 13: 2011-12
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Ceolchoirm i ré Covid-19

April 13, 2021 By Laine Moylan

Fiú leis an vacsaín, is léir go bhfuil neart obair le déanamh ag an rialtas agus ag muintir na tíre chun smacht a chur ar an víreas agus earnáil na n-ealaíon a choinneáil beo. I mí Eanáir 2021, d’éirigh rudaí níos measa sa tír maidir le cásanna Covid-19 de agus bhí os cionn 8,000 cásanna againn gach lá. Leis na sócháin nua atá ag scaipeadh tríd an phobail, ní haon iontas é go bhfuil na hEalaíona ag streachailt arís. Tá neart obair agus sár-iarracht déanta ag an earnáil chun an cultúr a choinneáil beo, ach fós bíonn deacrachtaí ag baint leis na bealaí nua seo. Caitear neart airgead ar an trealamh cosanta pearsanta chun na hoibrithe a chosaint ón víreas. Is léir go mbeadh an t-airgead ag na comhlachtaí móra san earnáil ach bíonn orthu féin leithlisiú a dhéanamh nuair atá Covid-19 ag an gcriú. Is dócha go bhfuil níos mó costais ag baint le seo arís. An bhfuil na healaíontóirí beaga in ann déileáil leis na costais seo?

Is minic a chuimhním siar ar na heachtraí éagsúla a thug mé cuairt orthu thar na blianta. Chuaigh mé chuig mo chéad cheolchoirm nuair a bhí mé cúig bliana d’aois, sea, sin a dúirt mé, cuig bliana d’aois! Ba é Bruce Springsteen a bhí ag casadh agus is léir nach bhfuil aon duine níos fearr ná “an boss”. Níl tú in ann cur síos a dhéanamh ar cheolchoirm, bhuel, go teicniúil b’fhéidir go bhfuil, ach chun a bheith fírinneach, níl focal ar bith san fhoclóir a léiríonn an t-atmaisféar sin. Fós tá mé ábalta a bheith ann i m’intinn ach gan dabht, bheadh an fíor-rud níos fearr. Ach, chun ár gcroíthe a choinneáil slán, breathnóimid siar anois,  chun a bheith ar ár suaimhneas sa tréimhse dhorcha seo.

Tosnaíonn sé leis an gciú lasmuigh de Zhivago nó sa bhaile ar an ríomhaire, agus tú ag déanamh athnuachaintí ar an suíomh idirlíon. Ansin tá na ticéid agat, agus tú ag comhaireamh na laethanta go dtí an lá, agus beidh ort d’éadaí a athrú cúig huaire roimhe. Bíonn snaidhm i mo bholg i gcónaí sula dtéann mé chuig an gceolchoirm agus mé ar bís – b’fhéidir go mbuailfidh mé leis an mbánna agus go rachaimid chuig an gcóisir iar shiamsa? Níl aon teorainn leis na roghanna! Fós, bíonn pian i mo chroí agus mé sa bhaile ag déanamh iarrachta ceolchoirm a eagrú i mo sheomra (le scaradh sóisialta!), ach níl tú in ann é a athchruthú. Na laethanta seo nuair atá mé sa líne do Dunnes, ligim orm féin go bhfuilim ag dul go Páirc an Chrócaigh agus go bhfuil na hoibrithe ag iarraidh a sheiceáil an bhfuil deoch mheisciúil i bhfolach i mo mhála. Faraor, níl siad ach ag iarraidh mo theocht a thogáil agus caithfear a admháil nach bhfuil an scleondar céanna ag baint leis.   

Is léir gur cuireadh neart imeachtaí ar ceal i mbliana agus ní raibh sé slán go mbeadh daoine ag bualadh le chéile. Cuidíonn na himeachtaí ar líne le healaíontóirí agus leis an lucht féachana mar cruthaítear spás do dhaoine chun sult a bhaint as na hEalaíona. I mbliana, is léir nach raibh mórán deiseanna againn bualadh le daoine agus tá muid ar fad ag streachailt sa bhaile. Airím uaim an strainséir a casadh liom ag an gceolchoirm agus an comhrá eadrainn faoin mbánna atá an bheirt againn i ngrá leo. Fiú do soicindín amháin, tá caidreamh eadrainn mar tá meas agus grá againn don rud céanna. Ansin, tar éis bosa a bhualadh leo nó barróg a thabhairt dóibh, tá siad imithe dodhearmadta (chance encounter de shórt).

Airím uaim an spontáineacht sin agus leis na srianta Covid-19 is léir go bhfuil sé ródheacair a bheith ag déanamh na rudaí seo. Níl aon rud chomh maith leis an dordfhuaim i do chroí agus an ceolán i do chluasa ach i ndáiríre, ní bheadh mé compordach i slua mór, cé go bhfuil mé ag breathnú siar ar na good times. B’fhéidir go mbeidh athrú ar an saol an bhliain seo chugainn agus muid ag tabhairt ár bpas vacsaín do dhuine den lucht slándála. Ach, go dtí sin, beidh mé ar na himeachtaí ar líne agus beidh ceolchoirm agam sa teach, mar ní fiú a bheith ag ceiliúradh, muna bhfuil muid ar fad slán.

Laine Moylan
    This author does not have any more posts.

Related

Filed Under: Arts & Fashion

Reader Interactions

Primary Sidebar

Read our latest issue:

  • Facebook
  • Instagram
  • Twitter

Copyright © 2023 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

 

Loading Comments...