Mura bhfuil ‘Seal le Seán’ cloiste agat ar Raidió Rí-Rá, tá go leor á chailleadh agat. Ach ní hé sin tús agus deireadh scéal Seán Ó Dubhchon. Is múinteoir agus file é freisin, bhí sé foilsithe i ‘Comhar’ agus ‘An tUltach’, agus mar a deir sé féin, ba “buaicphointí móra” ina shaol é sin.
Is múinteoir é le deich mbliana anuas, agus ceapaim gurbh é an rud is fearr faoi mhúinteoireacht ná go bhfuil an t-am agat chun na rudaí eile a dhéanamh, cosúil leis an raidió i gcás Seáin. Is scil faoi leith é a bheith in ann oibriú le rang nua gach uile bhliain, agus dar leis, is é sin cuid den rud is fearr faoi: “le gach rang, tagann dinimic nua agus ardaíonn an mhúinteoireacht mo chroí. Bíonn gach lá difriúil.” Tar éis deich mbliana, bíonn sé fós ag tnúth go mór leis an obair gach lá. Nach bhfuil an t-ádh air!
Thosaigh sé ag obair le Raidió Rí-Rá i Samhain 2018, agus tá go leor á dhéanamh aige ó shin. Chonaic sé fógra go raibh láithreoirí de dhíth, agus mar a dhéanann go leor duine atá sa cholún seo, in áit a cheistiú “cén fáth go mbeinn oiriúnach?”, smaoinigh sé “cén fáth nach mbeadh?”. Ag an tús, bhí clár ceoil á dhéanamh aige, ach thosaigh sé ‘Seal le Seán’ i Samhain 2019 agus tá ag éirí thar barr leis ó shin. Luaigh sé go raibh an bainisteoir Raidió Rí-Rá, Niamh Ní Chróinín, an-spreagúil le linn an ama seo go léir. Tar éis dom bualadh le Niamh i rith m’ama féin ag obair le Conradh na Gaeilge, níl aon ionadh orm go bhfuil sí go hiontach mar bhainisteoir.
Cé go bhfuil ag éirí go maith leis, níor tharla sé seo thar oíche. Uaireanta, feiceann muid cé chomh mór is atá píosaí cosúil leis an bpodchraoladh atá ag Séan agus ceapann muid go raibh sé éasca. Mar a luaigh sé féin, thosaigh sé i Samhain 2019, agus tá rath ag teacht air ar líne le déanaí, mar gheall ar an gcinneadh a rinne sé iad a chur suas ar líne ar Spotify agus araile. Bhí sprioc shoiléir aige ón tús: “bhí mé ag iarraidh, thar aon rud eile, díriú ar dea-scéalta daoine atá ag déanamh rudaí iontacha ar fud na tíre agus i gcéin.” Ach thóg sé tamaill air teacht ar an gcur amach foirfe chun é sin a chur in iúl.
Ní féidir leat agallamh a chur ar éinne faoi láthair gan labhairt faoi éifeacht na paindéime orthu, ach ar a laghad le Seán is scéalta dearfacha atá aige, den chuid is mó. Tús crua a bhí sa chraoltóireacht sa bhaile dó, ach ar an taobh eile den scéal, bhí níos mó ama aige chun feabhas a chur ar a scileanna craoltóireachta. Seachas sin, bhí deis aige tosú mar phainéalaí ar ‘Bothán na bhFear’ ar Raidió na Life, rud a bhí in ann tarlú mar gheall go bhfuil gach rud ar líne anois. Chomh maith leis sin, thug sé am dó díriú ar a chuid scríbhneoireachta, agus ceapann sé go bhfuil feabhas tar éis teacht ar a chuid múinteoireachta freisin. Is obair go hiomláin difriúil é an chianfhoghlaim, ach thug sé seans dó smaoinigh “taobh amuigh den bhosca”, mar a deir sé féin.
Má tá suim agat éisteacht le Seán, bíonn sé ar Raidió Rí-Rá gach Aoine ag a 8rn, ar www.rrr.ie. Bíonn aíonna iontacha aige, agus is breá liomsa an ceann a rinne sé le Múinteoir Meg! Is féidir leat éist siar orthu go léir ar Spotify, Apple Podcasts, agus na hardáin eile a bhíonn podchraoltaí ar fáil. Molaim iad go mór!