le hEímear Nig Oireachtaigh
Tá céim ag Fiona Ní Fhlaithearta sna meáin. Bhí sí mar chuid den chéad dream a bhí thall in Acadamh na hOllscolaíochta. Bhain sí a céim amach i 2010. Tá scéal coitianta ag Fiona, cosúil le gach aon duine a bhí amuigh ag obair nó a bronnadh céim orthu i rith an chúlaithe eacnamaíochta. Bhí sí ag cur isteach ar aon phost as Gaeilge nó sna meáin a bhí ann, agus ag an am céanna bhí víosa á eagrú aici chun dul go dtí an Astráil.
Tháinig deis anuas i TG4 sular fhág sí, agus chuir sí isteach air. Faraor, ní raibh aon phost cinnte ag baint leis, bhí siad díreach ag iarraidh píosa oiliúna a dhéanamh, agus ansin d’fheicfidís dá mbeadh aon duine oiriúnach. Mar sin, d’imigh Fiona go dtí an Astráil, ach choinnigh sí i dteagmháil leo thar na blianta. Nuair a chuaigh sí ar ais go hÉirinn chun a páiste a bhaisteadh, chuaigh sí isteach go TG4 chun oiliúint a dhéanamh, faoi dheireadh thiar thall. Bhí postscáthú á dhéanamh aici, agus chuir sí aithne ar roinnt duine a bhí ag obair ann freisin. Cé nach bhfuair sí aon phost as sin, agus d’fhill sí ar an Astráil tar éis, ba thaithí iontach é di. Rinne sí féin agus a clann cinneadh bogadh ar ais go hÉirinn cúpla mí ina dhiaidh an baisteadh, agus tá ag éirí thar barr leo ó shin.
Ba é an raidió an príomhábhar a bhí aici ina céim, agus tá suim aici fós plé le cláir éagsúla. Cosúil liom féin, is aoibhinn léi bheith ag labhairt le daoine – “Is breá liom suí síos agus scéal duine a chloisteáil… ní dhiúltóinn deis ar bith mar sin”.
Is é an príomhmholadh a d’fhoghlaim mé uaithi ná go bhfuil ort gach deis a thapú. Go háirithe sna meáin, ceapaim go mbíonn daoine an-dírithe ar na rudaí gur mhaith leo a dhéanamh, agus níl siad ag breathnú timpeall orthu ar na deiseanna eile atá ann. Mura ndearna sí iarratas ar TG4 sular ndeachaigh sí go dtí an Astráil, ní bheadh an nasc sin aici leo, rud a bhí an-chabhrach agus í ag cur isteach sa phost atá aici anois mar réamhaisnéiseoir aimsire agus láithreoir leanúnachais ar TG4.
Maidir leis an bpost sin, is é an rud is fearr léi faoi ná “go bhfuil an post é féin an-éagsúil. Níl tú suite síos ag an deasc ar feadh an lae, tá go leor éagsúlacht ag baint leis an lá.” Tá sé soiléir go n-oibríonn na laithreoirí go crua. Luann Fiona laethanta oibre atá aon uair déag, ag rá go mbíonn na sealanna fada. Dar léi féin, imíonn sé an-sciobtha mar gheall ar an éagsúlacht sa phost.
Bhí sé iontach labhairt le Fiona, agus léargas a fháil ar chomhlacht atá chomh mór i saol na Gaeilge. Is féidir leat Fiona a fheiceáil ar TG4 ag déanamh réamhaisnéis na haimsire ar roinnt laethanta i rith na seachtaine.