Le Mícheál Thomás Ó hÍarnáin
Bhí Samhradh spéisiúil againn go léir leis na constaicí nár fhaca muid riamh dá bharr ar an víreas Covid-19. Bhí orainn cleachtadh a fháil ar neart rialacha sláinte agus dualgais pearsanta nach raibh orainn a dhéanamh riamh. Bheadh sé an-éasca dearmad a dhéanamh gurb é seo an tréimhse ghairid a mbíonn ag mic léinn tríú leibhéil chun airgead a shaoirsiú agus beagán craic a bheith acu. Faraor ní mar sin a d’fhorbair an scéal I rith an Samhraidh.
Is as Inis Mór mé, ceann de na hOileáin Árainn amach ar chósta na Gaillimhe. Is oileáin mór turasóireachta é agus is beag gur tháinig stad uile le hairgeadais agus rath an oileáin go hiomlán. Is cinnte go bhfuil a fhios ag chuile duine cá raibh siad, nuair a ndeachaigh an fógra amach ón ia-Thaoiseach Leo Varadkar faoin chéad Lockdown. Bhí mé féin ag bailiú mo chuid éide agus leabhair go scioptha chun dul agus suíocháin a fháil ar an mbád deireadh a bhí ag filleadh ar ais go hInis Mór. Bhí mé faoi bhrú ollmhóir mar gheall nach raibh a fhios ag aon duine cé chomh fada a mbeadh an tír faoi shrianta taistil.
Nuair a bhain mé an bpríomh bhaile amach, ba chosúil le háit nua dom é. Ní raibh mé in ann ceol a chloisteáil ó na tigh ósta, nó gasúir áitiúla a fheiceáil ag léim ón sean chéibh ag snámh. Thit ciúnas mór ar an oileán a bheadh plódaithe le daoine ag baint sult as an ngrian agus cultúir na hoileáin de gnáth. Bhí sé seo le fanacht linn ar feadh sé mhí fhada uaigneach.
Le cúig bhliain anuas bhí mé ag obair go lán aimsire cúig lá in aghaidh na seachtaine gach samhraidh. Chuir sé as dom nach raibh mé in ann leanúint leis an traidisiún pearsanta. Tar éis cúpla seachtain ba chosúil le luaidhe mo phluid. Ní raibh suim agam éirí nó aon duine a fheiceáil, rud go raibh ar go leor daoine déileáil leis. Cuireann sé faitíos orm breathnú ar an chaoi ina chaith mé na laethanta ar fad agus sin rud a d’fhoghlaim mé le linn lock-down agus sin aire a thabhairt do mo chuid meabhair shláinte agus am a coinnigh do na rudaí is tábhachtaí. Sin do chlann.
Tháinig gach lá ina dhiaidh a chéile agus tar éis scath beag níor thug mé faoi dhearadh cén dáta a bhí ann nó cén lá den tseachtain a bhí ann. Thánig deireadh leis an neamhchinnteacht ar deireadh nuair a chuir Comharchumann Inis Mór ráiteas amach, go raibh vóta poiblí le bheith againn chun cinneadh a dheanamh faoi theorainn an oileáin agus turasóireacht Inis Mór a thosaigh arís. Anois cheapfadh gur éasca an cheist é seo le freagairt ach mo léann tháinig raic mhór as seo. Le daoine ag argóint agus ag triail an focal deireadh a bheith acu ar leathanach Facebook an Comharchumann. Tháinig sé sin as an fhaitíos a bhí ag daoine, ní amháin faoina gcuid sláinte féin ach sláinte daoine leó.
Tar éis neart díospóireacht, tháinig torthaí an vóta poiblí amach ar son an rúin, agus bhí an t-oileáin ag oscailt don phobail arís. Tar éis cúig mhí líonta le faitíos agus sár sláinteachas pearsanta a cleachtadh, bhí maidhm turasóirí ar an mbealach. Ghlac muid ar deireadh go raibh orainn bogadh ar aghaidh go drogallach, ach bhí fadhb mhór amach romhainn. Ní raibh plean oibre, straitéisí nó caint ar aon sórt tacaíocht ón rialtas. Is rud é sin a chuir fearg ar mhuintir oibre an oileáin agus daoine le clann i ngrúpaí a bhí go mór i mbaol.
Tá mé sé seachtainí anois i ré nua oibre leis an víreas agus tá mé compordach ar deireadh. Táim ag obair i mbialann i lár baile Chill Mhuirbhigh darb ainm Teach Nan Phaidí agus táim chomh sásta go bhfuair mé post anseo. Tá cleachtadh agam a bheith mar freastalaí ach tá gach uile rud athraithe go mór, agus muid ag obair le taobh Covid 19. Tá srianta mór orm mar freastalaí ar an méid daoine a bhfuil mé in ann freastal a dheanamh orthu ag aon am amháin. Chomh maith leis sin tá orm masc cosanta a chaitheamh tríd an lá. Cruthaíonn sé seo go leor deacrachtaí le cumarsáid simplí a dheanamh le daoine, mar shampla bhí bord agam a raibh triúr bean ann a bhí bodhar. Go hiondúil labhraim go mall do dhaoine a bhíonn ag léamh beola, ach ní raibh mé in ann é sin a dheanamh mar gheall ar an masc. Rud a bhfuil mé an-bhuíoch de ná go bhfuil bainistíocht an bhialanna an-tuisceanach agus bhí neart rogha tugtha dom maidir le trealamh féin cosanta nó (PPE).
Is mé ag deireadh an tSamhraidh anois agus mé ag tnúth le haghaidh a thabhairt an tráchtas. Caithfidh mé rá go bhfuil go leor féin fhorbairt déanta agam an tSamhraidh seo, agus go bhfuil meas níos mó agam ar na rudaí a bhfuil mé beannaithe leo. Is iad sin mo shláinte, mo chlann, mo chairde agus na deiseanna a bhfuil ag teacht i mo threo; agus le cúnamh Dé go gcoinneoidh sé sin.