Le Conor Brummell
Dia daoibh, a chairde! Beidh sé seo m’alt deireanach faoin Seimeastar Gaeltachta. Tá an t-am ag druidim isteach orainn, gan dabht agus tá gach mic léinn in Éirinn faoi bhrú na scrúduithe faoi láthair! Níl leid ar bith agam conas go bhfuilimid beagnach críochnaithe sa Ghaeltacht. Ba ghaisce iontach maith é an Seimeastar gan dabht, agus ba rud nua é freisin ag bhaint trialach as trí mhí a bheith ag maireachtáil sa Ghaeltacht. In ainneoin go bhfuil scrúdú i ndiaidh scrúdaithe ag teacht gan mhoill, aireoidh an áit seo uaim. Is cosúil an rud é gur chaith mé tréimhse i mo chónaí thar lear, seachas i gConamara í féin.
Tá an cúrsa ag druidim chun deiridh, agus tá gach rud ag athrú. Beidh mo chuid cairde nua imithe go háiteanna difriúla tar éis na Nollag, agus beidh mé ag obair i mo bhaile féin. Nílim réidh chun slán a rá do dhuine ar bith agus is leasc liom a bheith ag smaoineamh ar an todhchaí atá romham. Ar an lámh eile, áfach, tá sceitimíní orm go mbeidh mé ag déanamh socrúcháin oibre.
Chuir mé críoch leis an tsraith bheag podchraoladh a bhí á taifead agam le mo chara do Flirt.Fm agus ba bheag nár chaoin mé uisce os mo chinn nuair a mhúch muid na soilse sa stiúideo don uair dheireanach. Bhí sé ar intinn againn chun léargas a thabhairt isteach ar an saol atá againn sa Seimeastar go rialta, agus ceapaim go ndéarna muid sáriarracht chun é a dhéanamh. Tugadh a lán tacaíocht linn freisin ónár gchomhscoilairí agus léachtóirí araon, agus táim fíorbhuíoch as an deis a bhí agam i rith an Seimeastar chun feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge agus ar mo scileanna craoltóireachta freisin.
Is maith is cuimhin liom an chéad lá a tháinig mé anseo agus an faitíos a bhí orm chun a bheith ag tosú ollscoil in áit nua iasachta. Ní raibh mórán aithne agam ar na daoine a bhí ar an gcúrsa liom, nó na daoine a bheas mar léachtóirí anseo freisin. Caithfidh mé admháil go raibh drogall orm ag teacht mar gheall gur cheap gur bhotún a bheas ann dul go Conamara ar feadh trí mhí. Bhí mé chun a bheith scartha ón bpríomhchampas, agus bhí scanraithe i mo bheatha faoi. Ach, ón nóiméad a tháinig mé trí na doirse san Acadamh agus a bhuail mé le mo chairde a bhí agam roimh an gcúrsa, cuireadh ar shuaimhneas mé. Gan dabht, bhí fáilte mhór curtha romhainn.
Thaitin an cúrsa go mór liom, rud atáim fíorshásta faoi. Bhain mé triail as rudaí nua cosúil le damsha líne, damsha sean-nós agus neart eile. Thug mé cuairt ar an gceannceathrú TG4 agus Raidió na Gaeltachta, agus chuir mé aithne ar a lán daoine atá ag obair sna méain mar gheall. Rinne mé go leor cairde nua ó chian is ó chóngar. D’fhreastail mé ar an Oireachtas don chéad uair riamh i mo shaol, agus fuair mé mo chéad alt san Irish Times chomh maith. Gan dabht, tháinig feabhas ar mo chuid cainte agus sa deireadh thiar thall, ar an laghad tuigim na díochlaontaí ar fad anois! Ní bhíonn in aon rud ach seal, a deirtear, ach níl amhras faoi rud amháin: ní dhéanfaidh mé dearmad ar an am a chaith mé ar an gCeathrú Rua go deo.