• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
  • Features
  • Opinion
  • Arts & Fashion
  • Photography
  • Health & Lifestyle
  • Cainte
  • Sports
  • Archives
    • Volume 24: 2022-23
    • Volume 23: 2021-22
    • Volume 22: 2020-21
    • Volume 21: 2019-20
    • Volume 20: 2018-19
    • Volume 19: 2017-18
    • Volume 18: 2016-17
    • Volume 17: 2015-16
    • Volume 16: 2014-15
    • Volume 15: 2013-14
    • Volume 14: 2012-13
    • Volume 13: 2011-12
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Aonach an Phobail Rua

October 30, 2019 By SIN Staff

Jessica Ní Bhroin 

Bhailigh idir óg agus aosta ag an gCrompán an Satharn seo caite chun plean teanga na Ceathrún Rua a sheoladh. Bhí neart ceardlainne agus taispeántais idir Judo, cniotáil, scéalaíocht, Róbataic agus éalaín ar bun san ionad. Bhí Eoghan Ó Loideáin ag coinneal smacht ar gach rud a bhí ag tarlú agus ag cur gach duine ar an eolas faoin méid a bhí ar siúl. 

Bhí tuilleadh spraoi ag na cumainn spóirt taobh amuigh den ionad freisin. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus bhí an-spórt ag ‘An Ghaeltacht Rugbaí’, ‘Cumann Sacar Mhic Dara’ agus ‘C.L.G na Ceathrún Rua’ ar na páirceanna spóirt. Bronnfar málaí spóirt orthu le lógó an Phobail Rua ar dheireadh agus bhí gach uile dhuine sona sásta. 

Bhí réimse leathan seastáin i láthair ag an ócáid. Bhí dúil ag muintir na háite do na creatháin bhainne a bhí á dhíol ag Bia Blasta agus na leabhair Ghaeilge do ghasúir a bhí ar fáil ann freisin. Bhí málaí athúsáidte á  thabhairt amach ag seastáin Comhairle Chontae na Gaillimhe agus bhí neart cainte ag Coláiste Chiaráin agus Acadamh na hOllscoilaíochta Gaeilge, an Cheathrú Rua faoi na cúrsaí éagsúla atá ar fáil. Bhí  tuismitheoirí na Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus Muintreas ag tabhairt a dtacaíocht don ócáid freisin.

Anuas air sin, bhí beirt amhránaí ón gceantar, Sonny Ní Chathasaigh agus Róisín Seoige breá sásta cúpla amhráin a casadh. Caitheann Ní Chathasaigh a saol ag taisteal timpeall na hEorpa ag casadh a hamhráin féin. Is cumadóir iontach í Róisín Seoige freisin agus tá lear mór duaiseanna bronnta uirthi do scríbhneoireacht amhráin chomh maith lena guth álainn.  

Cé go raibh an-spraoi ag gach duine a bhí i láthair ag an ócáid iontach seo, ba é aidhm na hócáide ná plean teanga an cheantair a sheoladh. Dúirt Majella Ní Chriocháin, Oifigeach Pleanála Teanga na Ceathrún Rua gurb é aidhm an phlean ná líon na gcainteoirí laethúil Gaeilge, taobh amuigh den chóras scoile a ardú 5%. Cuirfear céad míle euro in aghaidh na bliana, thar seacht mbliana ar fáil do chomharchumann Mhic Dara leis an bplean teanga a chuir i bhfeidhm. Teastaíonn ó Bhainisteoir an chomharchumainn, Séan Ó Domhnaill an Ghaeilge a spreagadh i measc na n-óg trí spórt, scéalaíocht, amhránaíocht chomh maith le tacaíocht phobail. 

Bhí Séan Kyne, an tAire don Ghaeilge, Ghaeltacht agus na hOileáin i láthair ag an ócáid chun an phlean a sheoladh. Labhair sé ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge agus na ceantair Ghaeltachta. Mhól sé Majella agus an fhoireann uilg as an obair iontach atá ar bun acu.

SIN Staff
+ posts
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Match Report: University of Galway Maree continue winning ways with victory over Moycullen
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Flirt FM Galway Events Guide
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Flirt FM Galway Events Guide
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Shannon Airport and Ireland West Airport crowned winners of Age Friendly Transport Award

Related

Filed Under: Featured, Features

Reader Interactions

Primary Sidebar

Read our latest issue:

  • Facebook
  • Instagram
  • Twitter

Copyright © 2023 SIN Student Newspaper. All rights reserved.