• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
  • Features
  • Opinion
  • Arts & Fashion
  • Photography
  • Health & Lifestyle
  • Cainte
  • Sports
  • Archives
    • Volume 24: 2022-23
    • Volume 23: 2021-22
    • Volume 22: 2020-21
    • Volume 21: 2019-20
    • Volume 20: 2018-19
    • Volume 19: 2017-18
    • Volume 18: 2016-17
    • Volume 17: 2015-16
    • Volume 16: 2014-15
    • Volume 15: 2013-14
    • Volume 14: 2012-13
    • Volume 13: 2011-12
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Vótáil tromlaigh cháilithe i gcúrsaí cánach sa CE?

November 11, 2018 By SIN Staff

Le Quinton Beck

Bail ó Dhia oraibh, a lucht léite dhílis. Seo hé an dara halt anois i sraith reatha ina leanfar polaitíocht na hEorpa agus ina bpléifear ábhar amháin suntais i gcoinne na coicíse.

Eisíodh an 23 Deireadh Fómhair 2018 Clár Oibre an Choimisiúin Eorpaigh don bhliain 2019. I measc na mbeartas agus na dtosaíochtaí polaitiúla eile a léiríodh sa Chlár Oibre nua seo, rinneadh tagairt do smaoineamh amháin a chuireas scéin ar Éireann: go mbeadh deireadh le riachtanas na haontoilíochta i gcúrsaí cánach sa Choimisiún.

Dóibh siúd nár chuala trácht ar an díospóireacht seo cheana, an fhadhb bhunúsach atá ann ná go ndéanann miontíortha beaga, ar nós na hÉireann, margaí éagothroma do chomhlachtaí móra ar leith. Tugann na tíortha sin deis do na comhlachtaí siúd a mbrabús a sheoladh tríothusan seachas trí thíortha eile na hEorpa agus ráta cánach a d’íslíodh d’aon ghnó a íoc air. Trína leithéid de scéimeanna, éiríonn le tíortha le geilleagair gan tábhacht ceannárais agus príomhoifigí comhlachtaí móra a mhealladh chucu mar aon lena gcuid cánach.

Is í Éire an tír is mó cáil uirthi mar tearmann cánach in Eoraip le déanaí ón gcorraíl mhór a ghin cás Apple, an comhlacht iomráiteach Meiriceánach ar ordaigh an Coimisiún air os cionn €14 billiún a íoc i gcánacha do rialtas na hÉireann, bíodh is gur shéan rialtas na tíre seo nach raibh an t-airgead uaidh arís agus arís eile.

Is le seachtainí beaga anuas atá na comharthaí ann go bhfuil an Coimisiún ar son vótáil tromlaigh cháilithe i gcúrsaí cánach. Labhair Jean-Claude Juncker, uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, faoin smaoineamh ina aitheasc ar Staid an Aontais i mí Mhéan Fómhair seo caite. Cháin sé Éire, chomh maith leis an mBeilg, an gCipir, an Ísiltír, Lucsamburg, Malta, agus an Ungáir mar tíortha atá comhpháirteach le comhlachtaí móra ilnáisiúnta san éagóir atá i bhfeidhm acu ar an ngnáthshaoránach Eorpach.

Ní uisce faoi thalamh atá i gceist anseo, áfach; rinne rialtas na hÉireann, mar shampla, na margaí leatromacha seo a thairiscint agus a cheangal go hoscailte. Níl aon dlí ann i gcoinne na margaí seo i mBaile Átha Cliath ná sa Bhruiséal. Agus sin í an fhadhb ansin. Ní achtófar aon dlí in éadan na margaí cánach a fhad is go mairfidh riachtanas na haontoilíochta i gcúrsaí cánach sa Choimisiún Eorpach. Más aontoilíocht atá de dhíth, beidh ceart crosta ag Éirinn agus ag na tíortha ciontacha eile go deo.

Bheadh sé sodhéanta dlíthe i gcoinne na margaí cánach a achtú dá mbeadh vótáil tromlaigh cháilithe i bhfeidhm. Sa chóras vótála siúd, ní gá ach 16 ballstát agus 65% de dhaonra an Aontais chun dlí a achtú. Níl sna seacht dtír a dhéanas an saghas seo margaidh ach tuairim is 9% de dhaonra an Aontais.

Ach fós féin, is beag seans go n-éireoidh leis an dtogra. Eiseoidh oifig uachtarán an Choimisiún ‘scéala’ nó communiqué i dtosach na bliana seo chugainn agus ní móide go mbeidh an t-am lena phlé roimh olltoghchán na hEorpa. Fiú amháin dá bpléifí é, agus in ainneoin go bhfuil formhór mór thíortha agus shaoránaigh na hEorpa ar son an athruithe,  ná coinnímis ár n-anáil istigh. Caithfear aontoilíocht a bheith ann chun fáil réidh le riachtanas na haontoilíochta!

SIN Staff
+ posts
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Vice President – Welfare and Equality Officer Candidate: Izzy Tiernan
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Leas Uachtarán don Ghaeilge Candidate: Faye Ní Dhomhnaill
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Leas Uachtarán don Ghaeilge Candidate: Seánie Ó Gáibhín
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Student Speak

Related

Filed Under: Campus, Features, Politics, Student Speak Tagged With: Apple, Corporation Tax, European Commission, European Politics, Gaeilge, Irish, Quinton Beck, Tax Refuge, Taxes

Reader Interactions

Primary Sidebar

Read our latest issue:

  • Facebook
  • Instagram
  • Twitter

Copyright © 2023 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

 

Loading Comments...