Bail ó Dhia oraibh, a lucht léite dhílis.
Ar an 26 Márta thug Parlaimint na hEorpa sa mBruiséal vóta ag iarraidh ar Mhálta agus ar an gCipir deireadh a chur leis an scéim cheannaithe pas atá ag an dá thír sin agus ag iarraidh ar ocht dtír déag eile deireadh a chur leis na scéimeanna ceannaithe víosa atá acu siúd.
Bunaíodh coiste comhairleach maidir leis na scéimeanna seo agus leis an gcalaois airgeadais an bhliain seo caite nuair a dúnmharaíodh an t-iriseoir Maltach Daphne Caruana Galizia agus í i mbun fiosriúchán i dtaobh na scéime ceannaithe pas atá ag rialtas Mhalta.
Ag an am sin bhí scéim cheannaithe pas ag trí thír san Aontas Eorpach: Malta, an Chipir, agus an Bhulgáir. Is é sin le rá go raibh duine ar bith as tír ar bith ar domhan in ann saoránacht de chuid na dtíortha sin agus saoránacht de chuid an Aontais Eorpaigh a cheannach gan aon bhaint a bheith aige nó aici leis an tír ná cónaí a bheith air nó uirthi riamh inti. Tá praghas idir milliún agus dhá mhilliún euro ar na pasanna seo, agus mar thoradh ar an bpraghas trom sin, is daoine rachmasacha, iomráiteacha iad a cheannaíonn na ‘pasanna órga’, mar a thugtar orthu.
Tá deireadh curtha leis an scéim sa Bhulgáir, ach ó thosaigh na scéimeanna seo go dtí an lá atá inniu ann, tá breis is 6,000 pas díolta ag Malta agus ag an gCipir, agus is Rúisigh agus daoine eile a bhfuil ceangal acu leis an Rúis iad an chuid is mó de na daoine a cheannaigh iad.
Mar a bheifí ag súil leis, is dócha, is daoine nach bhféadfadh saorántacht Eorpach a fháil ar bhealach ar bith eile a roghnaíonn í a cheannach—daoine le taifead coiriúil nó le gnóthaí amhrasacha ina measc. De réir na tuairisce a d’fhoilsigh an coiste comhairleach, ní dhéanann na buntáistí eacnamaíocha a bhaineann leis na scéimeanna seo cúiteamh ar “an mbaol dáiríre slándála, sciúrta airgid, agus imghabhála cánach a chruthaíonn siad.”
Ní bhaineann an baol seo leis na scéimeanna ceannaithe pas amháin, ach leis na scéimeanna ceannaithe víosa mar aon leo. I seacht dtír déag san Aontas Eorpach, is féidir le duine ar bith infheistíocht a dhéanamh chun víosa chead cónaithe sa tír sin a shealbhú: Éire agus an Ríocht Aontaithe ina measc.
Is mór idir na praghasanna atá le híoc le víosa cónaithe a cheannach i dtíortha éagsúla. Is í an Chróit an tír is saoire (€13,500) agus an tSlóvaic agus Lucsamburg na tíortha is daoire (€5,000,000). Ní mór €1,000,000 a infheistiú chun víosa cónaithe a cheannach in Éirinn.
Dúirt Markus Ferber, feisire de chuid na Gearmáine a bhí ag cabhrú agus na moltaí maidir leis na scéimeanna seo á gcur le chéile, go mbíonn siad ag feidhmiú “mar thairseach don sciúradh airgid agus don choiriúlacht eagraithe” chun teacht isteach go hEoraip.
Scríobhadh sa tuairisc go “lagaíonn” na scéimeanna seo “córais dhaonlathacha” agus “forais” na hEorpa.
Agus na feisirí ag vótáil ar son moltaí a d’iarrfadh ar gach tír deireadh a chur leis na scéimeanna seo, luadh neart samplaí ar an drochúsáid a baineadh astu go dtí seo: dúnmharú an iriseora Maltaigh Galizia agus na scannail mhóra baincéarachta agus sciúrtha airgid sa Danmhairg, san Eastóin, sa Lativia, agus san Ísiltír le linn na bliana seo caite, mar shampla.
Bíodh is go bhfuil feisirí Pharlaimint na hEorpa ar aon intinn maidir leis na scéimeanna seo, is beag an seans go dtabharfar chun deiridh iad i ngach ballstát go luath. Is ar chúram rialtais na dtíortha aonair san Aontas atá an beartas airgeadaíochta agus an beartas inimirce faoi láthair, agus is beag suim atá ag cuid mhaith tíortha an saincheart seo a thabhairt uathu.
Agus ná déanaimis dearmad faoin airgead. “Airgead mór atá sna scéimeanna seo” a scríobhadh i dtuairisc de chuid Transparency International, “Le linn na deich mbliana seo caite tá os cionn €25 bhilliún d’infheistíocht eachtrach dhíreach déanta san Eoraip mar thoradh orthu.”